"About 120 protesters outside Mullingar station Ming Flanagan, Maura Harrington, etc. Supporting McCabe. M" - Ex-Garda Commissioner Callinan
"You can judge a man by his friends" Brian Purcell - SG of Dept of Justice
"Some shower Brian" Callinan
http://www.foinse.ie/leighSceal.asp?sId=2802
Le breis is 43 bliain, táim ag triall ar Cheantar Iorrais, i gCo. Mhaigh Eo, ceantar álainn aoibhinn, ina roinntear fleá agus féasta go fial fairsing flaithiúil, lem chuimhne féin, agus lena gcuimhne siúd, a chuaigh i bhfad romham. Taobh tíre ar leith IORRAS, mar go bhfuil SCAMALL mór dorcha, ina staic os cionn na muintire, riamh anall, cheal fostaíochta, agus agus easpa aird lucht cumhachta agus rialtais. Fuair muintir Iorrais breis thar a gcuid féin den gcruatan is den imirce, mar sin, agus is iomaí amhrán breá a chuala mé i dtithe tábhairne Londan, agus iad ag caoi go crua is, ag silt na ndeor i lár na seascadaí: “Far away from the land of the shamrock and heatherin search of a living as exiles, we go” &rlCheapfá NACH mbeadh an scéal amhlaidh, agus an barr breá polaiteoirí a chuireadar ar fáil, an-chuid acu a chuaigh go barr an ranga, agus iad ina nAirí Rialtais: PAT LINDSAY. PADDY O TOOLE. DONNCHA Ó GALLCHÓIR, agus tá aithne, eolas agus meas ar an bheirt Kenny: Henry, Rúnaí Parlaiminte, agus Enda, iar-Aire Turasóireachta agus Spórt, agus Ceannaire Fhine Gael faoi láthair, a bhfuil Iorras, ina gharraí meacan.Ach is beag aird a thug Bleá Cliath orthu. Ná ar acmhainní nádúrtha Iorrais, ach oiread. Tréigeadh lucht na ceirde dúchais; iascaireacht agus na hiascairí, agus díoladh iad cosúil le bainbh mhuice, nuair a bhí margáil na Bruiséile, ar siúl, agus saint Fhianna Fáil dírithe go géarchúiseach orthu siúd, a raibh cumhacht vótála acu: NA FEILMÉARAÍ. Tá IORRAS fágtha ar bhonn a cúig déag, i bhfad ró-fhada.Fuair SHELL amach go raibh stór luachmhar GÁIS agus Ola amach ó chósta Iorrais, agus chuaigh siad i ndiaidh an gháis, le fuinneamh. D’aimsíodar sin. Agus de réir mar a deir go leor de mhuintir Iorrais liom, agus foinsí maithe sa nGarda Síochána chomh maith leo, tháinig a gcuid ionadaithe “heavies” isteach go hIorras an chéad lá riamh, leis an seanmheon gnó Sasanach agus Coilíneachta acu: DIVIDE AND CONQUER. Deirtear liom gur scoilt siad na pobail bheaga agus bailte éagsúla, trí airgead agus duaiseanna a thairiscint do na daoine ab fhearr a bheith ar a dtaobh, chun an plean a bhí agus atá acu a chur i gcrích: an GÁS a thabhairt i dtír i Ros Dumhach, agus é a thabhairt i bpíopa fada, síos fad an rosa, chomh fada leis an ionad scagtha, nó an críochphort ag Béal Átha na Báighe. Chonaic mé na carnáin de na píopaí bána. Chonaic mé an agóid shíochánta le moch maidine, agus le gealachan lae, agus fuair mé tae agus ceapairí ó mhná a raibh mé ag múineadh scoile leo, dhá scór bliain ó shin! Chonaic mé na hoibrithe, atá ag dul isteach ag ullmhú an chríoch-phoirt, ina gcuid carranna móra 4x4, speisialta, atá ar cíos ag SHELL, ag fáil togha cosanta ón nGarda Síochána. Agus na leoraíos mhóra, ag tabhairt gainimh agus stroighin isteach, agus gan éinne acu ag féachaint ar mhac máthar.Tá fhios agat féin an chuid eile. Agóid fhada shíochánta, atá ar siúl le sé bliana. É ina scéal NÁISIÚNTA agus DOMHANDA. DEIRTEAR liom GO MION MINIC, AG GACH AICME in Iorras GO NDEARNA SHELL praiseach den scéal seo ón gcéad lá riamh. Agus tá cosaint na n-oibrithe ar fáil go tiubh, ón nGarda Síochána, a bhfuil sé de chúram orthu, cead a bheith ag gach éinne, a dhul i mbun a gcuid oibre. Ach, ach an DLÍ, an DLÍ, 94 lá príosúin curtha isteach ag LAOCHRA IORRAIS. Cén fáth ar ligeadh amach iad?Cé mhéad caimiléara athzónáil talún ar cuireadh an tréimhse sin air? Nó cé mhéad Garda BRADACH den mbeagán beag sin, a náirigh an fórsa i nDún na nGall, a chaithfear isteach? Ní hea, ach cé mhéad acu ar baineadh pinghin pinsin uathu? I mBinse Fiosraithe na Mairteola, a chosain £87 MILLIÚN, níor cuireadh LÁ amháin príosúin ar ÉINNE...ach ar iriseoir óg, mná! Bhuel, HELLO!Agus tá an liosta Binsí Fiosraithe dulta go barr bachall ó shin i leith, agus MUIDE ag íoc go daor astu, agus lucht DLÍ ag déanamh MILLIÚNAITHE astu féin… Agus beidh an METRO san áit cheart i mBleá Cliath, cuir do gheall air...an dtuigeann tú mé? Agus Luas. agus An Tollán, agus na MÓTARBHEALAÍ. Ar fud Chúige Laighean, mar thoradh ar pholasaithe iontacha díláraithe an Chomhrialtais seo. Bring back CHARLIE FOR ANOTHER JOKE, a dúradh liom.An fáth go bhfuil an liosta fada seo á áireamh agam, ná NACH dtuigim, dubh, bán ná riabhach, cad atá ar siúl ag an rialtas! Ar suim leo an cás seo, seachas an tAire NOEL DEMPSEY, ar chóir dó a bheith freagrach as seo uile, ag déanamh ráitis sheafóideacha, (mar a cruthaíodh an lá dár gcionn), nuair a dúirt PAISLEY “NO” eile, i leaba dó beart a dhéanamh d’Iorras. Chuir sé sin fíor-olc ar mhuintir Iorrais, ní nach ionadh, tar éis a bhfuil fulaingthe acu. Ceapann siad go bhfuil i bhfad níos fearr ná sin tuillte acu. Agus TÁ.Chuige seo mé ag triall:Go dtionólfaí COMHDHÁIL CHUIMSITHEACH FORBARTHA Réigiúin IORRAIS, gan mhoill. Ró-dhéanach, nuair a ghortófar daoine, nó, nuair a mharófar duine éigin. Bíodh freagracht na Comhdhála sin ar an rialtas, agus ar na hAirí speisialta a bhfuil an cúram, an taithí agus an t-eolas, chomh maith leis an airgead, acu. Cuirtear plean forbartha ar fáil do GACH ÉINNE in Iorras. Admhaím nach mbeidh sé éasca, ach NÍL a mhalairt slí ann. Cuirtear tuairimí agus saineolas GACH ÉINNE agus gach GRÚPA chun tosaigh. Gach aon taobh. Cuirtear STRAITÉIS SPÁIS barainneach i gcrích, a mbeidh brí is anam ann, seachas “cuid Pháidín den mheacan”. Bíodh DÍLÁRÚ dáiríre, i leaba seafóid TOM PARLON, go láidir i gceist, agus an tINFREASTRUCHTÚR cuí, á leagan síos, lena chur i gcrích.Léigh an sceal seo ina iomláine i Foinse